Our Story

At Builin Blasta Cafe & Bakery we love food, we love  cafe culture & we love to be a little different. Our cafe is family friendly, dog friendly, and wheelchair friendly and overall, just friendly!

Specializing in wholesome, tasty comfort food, we are dedicated to quality from start to finish; our breads, cakes & pastries are made in-house, we have a selection of homemade retail products available to purchase in store or online and we cook all your food fresh, to order.

Our menu features a range of traditional Irish and European dishes including; freshly made soups, sandwiches and salads, savoury tarts and hearty main courses.

Did we mention we have sweet tooth? Our dessert counter is laden with yummy cakes, freshly baked scones, tray bakes and savoury treats to enjoy in the cafe or take away with you to enjoy at home. It’s a daily struggle for our customers to leave without having at least a slice!

Speaking of take-away. Our full menu is available to take out and we do specialty cakes & event catering too. Call us on 091558559 or email info@builinblasta.ie for more information.

 

Is grá linn bia, is grá linn cultúr na gcaiféanna & is grá linn a bheith beagáinín difriúil. Cuireann muid fáilte roimh theaghlaigh, madraí, daoine i gcathaoireacha rothaí, cuireann muid fáilte roimh chuile dhuine!

Tá scil ar leith againn i mbia a chruthú atá folláin, blasta agus a oireann do riachtanais chothaithe, agus tá muid tiomanta don cháilíocht ó thús deireadh. Déanann muid chuile arán agus císte anseo, agus tá rogha táirgí miondíola ar fáil le ceannach sa chaife nó ar líne. Déanann muid i gcónaí do chuid bia uilig a chócaráil go húr de réir d’ordú féin.

An chéad chéim i dtreo bia iontach ná comhábhair a fháil go háitiúil. Tá dlúthchaidreamh againn le mórán dár gcuid soláthraithe agus déanann muid iarracht iad a choinneáil chomh háitiúil dúinn agus is féidir, ag baint úsáid as scoth na dtáirgí le cinntiú go bhfuil fíorbhlas an Iarthair a fháil ag ár gcustaiméirí.

Tá réimse miasa traidisiúnta Éireannacha agus Eorpacha ar fáil ónár mbiachlár – anraith, ceapairí agus sailéid a dhéantar go húr, cístí sáibhre agus príomhchúrsaí breátha.

Ar luaigh muid go bhfuil muid an-tugtha do rudaí milse? Bíonn an t-uafás cístí áille, scónaí úra, agus leicíní bácála ar fáil ar chuntar na milseog le hithe ar do chompord féin sa chaife nó le tabhairt leat le hithe sa mbaile. Is deacair an caifé a fhágáil gan fiú slisín a bhlaiseadh!

Agus muid ag caint ar bhia beir leat. Tá chuile rud ar ár mbiachlár ar fáil le tabhairt leat agus déanann muid cístí d’ócáidí speisialta, chomh maith le lónadóireacht le haghaidh imeachtaí. Glaoigh orainn ar 091558559 nó seol ríomhphost chuig info@builinblasta.ie le haghaidh tuilleadh eolais.